Scifest lasrach spleodrach

Irish Independent - Seachtain - - Front Page -

SA PHICTIÚR ar dheis, tá an tAire Sean Sherlock agus é i dteannta na ndaltaí dara bliana, Jack O’Connor, Alan Wallace, Chloe O’Connor, Katelyn Walsh agus Gerard O’Connor.

Bhí siad i láthair ag Coláiste Davis i Mala i gCo Chorcaí le déanaí chun SciFest 2013 a sheoladh, chomh maith le láithreán nua gréasáin don ócáid freisin – www.scifest.ie.

Is comórtas eolaíochta é SciFest, a thabharfaidh deis do dhaltaí meánscoile tionscnaimh eolaíochta, mhatamaitice agus theicne olaíochta a thaispeáint ag aontaí lae, a bheas ar siúl in 14 Institiúid teicneolaíochta agus in Ollscoil Uladh i nDoire.

Is é aidhm an chomórtais daltaí a spreagadh chun suim a chur san eolaíocht agus taitneamh a bhaint aisti trí obair phraiticiúil agus ghníomhach a dhéanamh. Is é an spriocdháta don chomórtas ná an 8 Márta. Tá gach eolas le fáil ar www.scifest.ie.

PIC: CLARE KEOGH

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.