Imní go bhféadfaí garda eile a lámhach arís go luath

Tarlóidh a leithéid sula mbeidh 16 bliana eile caite dar leis an GRA

Irish Independent - Seachtain - - Front Page - Orla Bradshaw

CREIDEANN Gardaí go bhféadfadh an marfóir míthrócaireach a lámhach agus a mharaigh bleachtaire an rud céanna a dhéanamh arís.

Is é an Bleachtaire Adrian Donohue (41) an chéad bhall den fhórsa a maraíodh le gunna ó dúnmharaíodh an Bleachtaire Jerry McCabe i 1996.

Dúirt John Parker, uachtarán Chumann Ionadaíochta an Gharda Síochána (GRA), gur cuireadh an Bleachtaire Donohue chun báis in aon turas agus go bhféadfadh an rud céanna tarlú arís go luath.

“Léirigh na fir seo an cumas chun oilc atá acu. Tá na coirpigh atá amuigh ansin chomh mínáireach go ndéanfar garda eile a dhúnmharú i bhfad sula mbeidh 16 bliana go leith eile caite,” a dúirt sé.

Beidh an tUasal Parker ina measc siúd a fhreastalóidh ar shochraid an Bhleachtaire i nDún Dealgan inniu. Maraíodh Donohue le linn robála i mBaile Sheinicín, Co Lú, Dé hAoine.

Lámhachadh sa chloigeann é nuair a d’éirigh sé amach as carr na nGardaí. Coinníodh a chomhghleacaí Joe Ryan agus gunna dírithe air fad agus a bhí an robáil ar siúl.

Creidtear go raibh cúigear fear, a raibh gránghunna, gunna láimhe agus casúr acu, páirteach sa robáil. D’éalaigh an drong le €4,000, ag fágáil suas le €40,000 in airgead tirim agus i seiceanna ina ndiaidh.

Iarrtar ar aon duine a bhfuil eolas acu faoin eachtra seo teagmháil a dhéanamh le líne rúnda na nGardaí ag 1800 666 111.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.