Ba chóir a bheith níos glóraí

Irish Independent - Seachtain - - Nuacht - Dáithí Ó Sé

Bhí sé sna páipéir an tseachtain seo caite go bhfuil banc KBC tar éis an ráta úis a ardú ceathrú d’aon fén gcéad agus cuireann sé seo díomá orm. Ar an gcéad dul síos tá morgáiste agam leo agus chomh maith leis sin, nuair a dhéanann banc amháin a leithéid déanann an chuid eile amhlaidh.

Ar shlí amháin ní féidir linn mórán a dhéanamh fé KBC mar níor thugamar aon chuid den €64 billiún dóibh ach má leanann na bainc eile níl fhios agam an mbeimid in ann aon rud a dhéanamh cé gur linn cuid díobh! Canathaobh go bhfuilimid chomh ciúin fé seo? Ba cheart dúinn a bheith níos glóraí fé.

Tá an rialtas ag lorg briseadh nó saoire leis an ‘promissory note’ seo, canathaobh ná féidir le daoine an rud céanna a fháil ó na bainc seo mar gur linne iad! Déanann sé ciall dar liom. Briseadh cúpla mí ón morgáiste a thabhairt do dhaoine, cuimhnigh ar an suaimhneas aigne a bheadh ar na daoine sin ar fad atá anois ag dul fé uisce, agus tá cuid mhaith acu ann agus ag méadú gach lá. Ní bheadh i gceist ach bliain bhreise ag deireadh an mhorgáiste, nó an bhfuil sé seo róshimplí dos na bocanna móra?

An é ná tuigeann siad? Ar bhonn ana-shimpí gnó mura dtagann faoiseamh éigin, ní bheidh na daoine seo in ann a dtithe a choimeád agus ní íocfaidh siad aon mhorgáiste mar ní féidir fuil a tharrac amach as cloch. Ní mór do dhuine éigin an méid sin a mhíniú dóibh!

Tháinig suirbhé amach le déanaí a dúirt go bhfuil 80 faoin gcéad díobh siúd atá i gcaidreamh i dtrioblóid de bharr cúrsaí airgid! Ní chuireann sé seo aon ionadh orm. Deirtear nach airgead gach aon rud ach nuair nach bhfuil sé ann, déanann sé rudaí níos deacra uaireanta, go mór mór nuair a bhí airgead timpeall cheana.

Ní fhéachann na bainc orainn mar dhaoine, is figiúirí sinn ar pháipéar agus sin sin. Ach an bhfuilimid chun aon rud a dhéanamh? Cad is féidir linn a dhéanamh?

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.