Dul chun cinn mór i Londain

Irish Independent - Seachtain - - Nuacht - Mícheál Ó Conaola Smaointe Fánacha

NUAIR a bhí mé thall i Londain le gairid chuaigh mé ag breathnú ar fhoireann Rugbaí Chonnacht ag imirt in aghaidh Harlequins. D’imir siad go maith ar feadh leath uair an chloig ach ansin chaill siad a lúd is a rath agus thréig a gcuid misnigh iad.

Is fada go mbeidh siad chomh maith leis na cúigí eile ag imirt Rugbaí, ach meileann muilte Dé go mall deirtear agus caithfear a bheith foighneach.

Tá obair mhaith déanta ag Eric Elwood agus is iomaí bua breá faighte acu faoina cheannas le beagán blianta anuas. Má thugann an chéad bhainisteoir eile, Pat Lam, cúpla céim eile chun cinn iad, beidh sé ag déanamh go maith.

D’éirigh liom freastal ar an taispeántas mór bád nuair a bhí mé thall ansin freisin. Ar an láthair céanna ar ghnóthaigh Katie Taylor agus foireann dornálaíochta na hÉireann a gcuid bonn óir, airgid agus cré-umha a bhí sé, díreach ar bhruach an Thames. An ExCel a thugann siad air agus ní fhéadfaí áit ní b’fhearr ná ní b’fheiliúnaí a fháil i gcomhair thaispeántas na mbád. Agus bhí siad ann, báid bheaga agus báid mhóra, báid innill agus báid seoil, báid a chosain na milliúin punt agus báid a gheobhfá saor go leor.

Leas

Is iontach an dul chun cinn atá déanta ag cathair Londan le deich mbliana anuas. Is iontach an leas a rinne na Cluichí Oilimpeacha di. Na foirgnimh bhreátha agus an córas breá taistil atá inti gan trácht ar na háiseanna breátha aclaíochta agus snámha atá curtha ar fáil don phobal tar éis na gcluichí.

Ar ndóigh, bhí baint mhór ag Éireannaigh leis an bhforbairt seo ní hamháin le deich mbliana anuas ach ag dul i bhfad siar sa stair. Bhí baint mhór acu ach go háirithe le hatógáil Londan agus bailte móra eile i Sasana tar éis an dara cogadh domhanda. Bhí mé thall i Londain i 1963 tar éis na hArdteistiméireachta agus bhí an atógáil seo faoi lán seoil. Cé go mba glasstócach gríscíneach amach as meánscoil cónaithe a bhí ionam ag an am agus agus nach raibh uaim ach obair shamhraidh fuaireas obair gan stró gan anró.

Ní raibh le déanamh ag duine a bhí ar thóir oibre an uair sin ach an traein faoi thalamh a thógáil go dtí lár na cathrach, breathnú thart go bhfeicfeá cá raibh na craenacha tógála agus ceann acu a roghnú. Roghnaigh mé féin ceann in South Kensington. Saoiste Sasanach a bhi i gceannas, George an t-ainm a bhí air más buan mo chuimhne agus corp an duine uasail. Músaem Eolaíochta a bhí á thógáil ann agus bhí neart oibre anois agam Domhnach is dálach dá mbeadh sí uaim.

B’Éireannaigh bunáite na bhfear oibre ar an jab agus gach jab eile a bhí i Londain ag an am agus go deimhin ar fud Shasana dá ndéarfainn é. Mar a deir an t-amhrán: ‘Wimpy went by aeroplane, McAlpine went by train But Paddy tramped the Great North Road and got there just the same’.

PIC: OWEN HUMPHREYS/PA WIRE

An Pháirc Oilimpeach: Is i gcathair Londan a bhí na Cluichí Oilimpeacha ar siúl anuraidh.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.