Earcaíocht na nGardaí ‘ag teipeadh ar an tuath’

Irish Independent - Seachtain - - Seachtain. - Le Sinéad Nic Con Rí

Deir Gardaí sinsearacha go gcaithfear an próiseas earcaíochta d’oifigigh nua a athrú, agus iad ag maíomh go bhfuiltear ag teipeadh ar na ceantair faoin tuath in Éirinn.

Deir na hoifigigh sna contaetha in iarthar na tíre go gcaithfear réimeas níos déine a thabhairt isteach chun ráta ard athrúcháin i gceantair thuaithe a sheachaint.

Tá na Gardaí ag gearán nach bhfuil go leor de na hearcaigh óga réidh i gcomhair post i bhfad ó bhaile.

Aistrithe

Nuair a chuirtear ar post iad, go háirithe i gceantair thuaithe, ní shocraíonn siad síos agus bíonn siad de shíor ag cuardach aistrithe go stáisiún níos gaire dá gcontaetha dúchais.

Ciallaíonn sé sin go bhfágann go leor de na hearcaigh, a chruthaíonn ráta níos airde athrúcháin i stáisiúin tuaithe agus i stáisiúin i mbailte contae.

“Is fórsa náisiúnta póilíneachta muid agus is cosúil nach bhfuil bealach ann le Gardaí óga a earcú a thuigeann go mb’fhéidir go mbeadh orthu bogadh na céadta ciliméadar óna gcontae dúchais,” a dúirt Garda sinsearach amháin.

“Cuireann sé sin go leor frustrachais ar gach duine; ní shocraíonn an Garda óg síos agus ní bhíonn sé nó sí chomh tiomanta céanna don phost.

“Ar deireadh, faigheann siad a n-aistriú agus imíonn siad agus bíonn orainn tosú ag cur oiliúint ar earcaigh nua arís.

“Níl sé sin ceart ná cóir, go háirithe i gcontaetha san iarthar agus faoin tuath, áit a gcaithfidh an lucht bainistíoch- ta sinsearach dul i ngleic le hathrúchán ard Gardaí óga.”

Dúirt an t-oifigeach sinsearach go dteastaíonn athrú réime sa Phríomhionad Oiliúna don Gharda Síochána sa Teampall Mór nó riail nua a chuireann cosc ar aistrithe a iarraidh ar feadh cúig bliana seachas i gcásanna eisceachtúla.

Dúirt sé: “Tá sé riachtanach do thodhchaí na póilíneachta i rannóga san iarthar agus faoin tuath go ndéantar athrú éigin.

“Ní féidir le Gardaí óga a rá go bhfuil ionadh orthu nuair a chuirtear ar post iad i gCiarraí nó Maigh Eo nó Dún na nGall.

Córas

“Nílimid ag aimsiú na ndaoine cearta más é sin an cineál meoin atá acu. Caithfear córas éigin a thabhairt isteach chun déileáil leis seo.”

Tá leasú ar líon na nGardaí ar bun, agus 152 Gharda nua tar éis a dtréimhse oiliúna i gColáiste na nGardaí a chur i gcrích an mhí seo caite.

Tá 140 comhalta foirne sibhialtach eile le hearcú ag an nGarda Síochána mar chuid de phlean chun níos mó Gardaí faoi éide a chur ar na sráideanna.

‘ Ní shocraíonn an Garda óg síos agus níl siad tiomanta don phost’

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.