Scaoileann Alan a Rún!

Irish Independent - Seachtain - - Seachtain. -

Seo é Alan Hughes ar chúl an bheáir i Ros na Rún agus é ag foghlaim cúpla focal le linn Sheachtain na Gaeilge a bheidh á chraoladh amárach den chéad uair ar TV3.

Chuaigh an láithreoir teilifíse mór le rá go Conamara agus fuair sé post le duine de na réaltaí is cáiliúla ar an sobaldráma, Tadhg Ó Direáin. Beidh Alan le feiceáil oíche amárach ar Ireland AM sula gcraolfar é ar TG4 i mí na Bealtaine.

Chuir an t-aisteoir clúiteach Máire Éilis Ní Fhlatharta — Caitríona ón seó — fáilte roimh Alan agus dúirt sé: “Níor shíl mé ariamh go mbeinn ag labhairt Gaeilge ar teilifís! Amárach ar TV3 feicfidh sibh cad a tharlaíonn taobh thiar de na ceamaraí ar Ros na Rún agus mo debut féin!”

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.