Féile ghlas an domhain

Irish Independent - Seachtain - - Líon.Nuachta -

Beidh an glas i réim ar fud na cruinne an tseachtain seo agus mórchathracha an domhain ag sárú a chéile le paráidí mórthaibhseacha a reáchtáil ar son lá féile náisiúnta na hÉireann, Lá Fhéile Pádraig.

Ón Astráil go dtí an Airgintín, ó Mhoscó go Montréal, ó Bhostún go Beirlín go Béising, beidh ceiliúradh ar bun ag Éireannaigh ar cheann de mhórfhéilte idirnáisiúnta an domhain.

Níl aon fhéile eile a luaitear le tír áirithe amháin a dhéantar a cheiliúradh chomh hidirnáisiúnta agus chomh lánchroíoch le Lá Fhéile Pádraig, a bhuíochas sin le diaspóra na nÉireannach agus na nGael atá scaipthe ar fud an domhain ar imirce.

Beidh séadchomharthaí domhanda ar nós Thúr Eiffel, Dhealbh na Saoirse, Áras Ceoldrámaíochta Sydney agus Phirimidí na hÉigipte á nglasú le solas diamhair na tíre seo don fhéile mhór Éireannach.

Agus beidh ceoltóirí agus amhránaithe na hÉireann in éineacht lenár gceannairí polaitiúla ar eitleáin agus iad ag bualadh le cairde na hÉireann sna ceithre hairde.

Cá bhfuil na paráidí is fearr agus is mó a dhéanann ceiliúradh ar ár n-oidhreacht i mbliana?

Caithfidh Seachtain ár súil timpeall na cruinne go n-aimseoimid na buaicphointí i gceiliúradh domhanda mhórfhéile na nGael.

Tógtha: Glacann cailíní féinphic in aice le habhainn ghlas Chicago

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.