BOSTÚN

Irish Independent - Seachtain - - Líon.Nuachta -

Cé go mbíonn go leor airde i gcónaí ar Nua-Eabhrac is cinnte go mbíonn an Pharáid i mBostún ar cheann de na hócáidí is Gaelaí taobh amuigh d’oileán na hÉireann nó is í an chathair seo príomhdhún na hÉireann i Meiriceá.

Is cinnte go bhfuil bailte ar nós Springfield agus Quincy a d’fhéadfadh stádas Gaeltachta a aimsiú nó tá siad chomh plódaithe sin le deoraithe ó Ghaeltachtaí na hÉireann. Is é Marty Walsh, a síolraíonn a mhuintir ó Chonamara, an Méara ar Bhostún agus go leor cainte faoi go bhféadfadh sé dul ar aghaidh agus poist níos mó gradaim a aimsiú.

I mbliana dúirt an Méara nach nglacfadh sé páirt sa pharáid mura mbeadh cead ag grúpa d’iarshaighdiúirí aeracha, Outvets, siúl sa pharáid. Ghéill na heagraithe agus scaoileadh na hiarshaighdiúirí aeracha isteach sa pharáid!

Fíric: Ba i mBostún in 1737 a rinneadh an chéad cheiliúradh riamh ar Lá Fhéile Pádraig!

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.