NUA-EABHRAC

Irish Independent - Seachtain - - Líon.Nuachta -

Ó dheas de Bhostún atá Nua-Eabhrac agus an pharáid is mó a mbíonn daoine ag cur spéis inti go hiondúil.

Sháraigh siadsan an chonspóid faoi rannpháirtithe aeracha cúpla bliain ó shin nuair a ghlac craobh de cheardchumann a d’oibrigh le NBC páirt sa pharáid agus manaí aeracha á n-iompar acu.

Seachas sin áfach is iad póilíní agus comhraiceoirí dóiteáin na cathrach — na laochra a chuaigh isteach sa dá thúr tar éis an ionsaí ar 9/11 — is mó a mheallann an slua sa chathair sin ar Lá Fhéile Pádraig.

An lá céanna beidh ceiliúradh mór ar bun ar ealaín dúchais na hÉireann le ceol, damhsa is amhráin sa Chlaidheamh Soluis, Ionad Ealaíon na hÉireann, ar Shráid 51.

I measc na mbuaicphointí le linn an lae ansin beidh tae agus arán sóide ar fáil mar aon le taispeántas ar dhamhsa na hÉireann agus damhsa na hAfraice.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.