Imeacht na Seachtaine

Irish Independent - Seachtain - - Siamsa.Seachtaine - MÉABH NÍ THUATHALÁIN

50 bliain d’Aisteoirí Bulfin, Dé Sathairn, Amharclann an Axis, BÁC

Tá Aisteoirí Bulfin, an grúpa is buaine i mbun na drámaíochta Gaeilge i mBaile Átha Cliath, ag ceiliúradh 50 bliain ar an fhód le léiriú úrnua a bheidh á thabhairt chun an stáitse.

Seó ceiliúrtha atá beartaithe ag na Builfinigh don oíche mhór, a chaithfidh súil siar ar roinnt de na saothair a léirigh siad thar na blianta.

Ón chéad dráma a chuir an grúpa ar stáitse riamh go dtí an ceoldráma mór ‘1915’ in 2015, beidh míreanna de mhórdhrámaí an ghrúpa, mar aon le radharc ón dráma Faoiseamh le JB Keane ó na 70idí le feiceáil ar an oíche.

Tá ainm in airde ag an ghrúpa seo as scoth na ndrámaí agus na gceoldrámaí Gaeilge — ó dhrámaí Phádraig Uí Ghiollagáin go saothar Aodha Uí Dhomhnaill — a chur ar stáitse.

Idir Ghaelach agus idirnáisiúnta, is iomaí dráma nua agus seandráma atá léirithe acu freisin, a thug deis dóibh téamaí móra an tsaoil a chur faoi bhráid an phobail.

Tá ticéid ar fáil fós don taibhsiú seo. Áirithintí: (01) 883 2100 agus www.axisballymun. ie. Ticéid: €15 (mic léinn agus pinsinéirí €10).

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.