Cluas na Seachtaine

Irish Independent - Seachtain - - Siamsa.Seachtaine -

Cabaireacht, Raidió na dTreabh, amárach, 6in

Tá clár nua cúrsaí reatha ag craoladh ar stáisiún Ghaelpobal na Gaillimhe Raidió na dTreabh gach Déardaoin ag a 6in. Cabaireacht is teideal don chlár úr cainte a dhíreoidh ar na scéalta, idir bheag agus mhór, atá ag titim amach gach seachtain. Is iad Ursula Ní Shabhaois, de bhunadh dheisceart Ard Mhacha — atá tar éis bogadh go Gaillimh do phost le Conradh na Gaeilge — agus tuairisceoir le TG4 Shane Ó Curraighín, as Dún na nGall, a bheas i mbun an chláir. Agus scéal cinnte faighte ag Raidió na dTreabh go mbeidh a gcuid clár ar fáil mar phodchraoltaí ó iTunes agus Google Play go luath, beidh bealach níos fusa ná riamh ag éisteoirí teacht ar na cláir is ansa leo.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.