Anois don 35ú cluiche as a chéile!

Irish Independent - Seachtain - - Spórt - GRÁINNE McELWAIN

Cé go gcloistear go minic nach bhfuil ann ach an tsraith, ní dóigh liom go bhfuil mórán tar éis sin a rá le hÁth Cliath.

D’éirigh leo an churiarracht a chruthaigh peileadóirí Chiarraí idir 1929 agus 1932 — is é sin, gan 34 chluiche a chailleadh as a chéile — a chothromú Dé Sathairn seo caite nuair a chríochnaigh an cluiche eatarthu ar comhscór.

Bualadh

Ciallaíonn sé nach bhfuil aon fhoireann tar éis iad a bhualadh sa tsraith ná sa chraobh ó mhí an Mhárta 2015.

San oíche Dé Sathairn, ba chóir go mbuailfidís an líon sin agus iad sa bhaile in aghaidh Ros Comáin nach bhfuil cluiche ar bith buaite acu fós. Dhá bhabhta le dul agus is léir go bhfeicfimid Ros Comáin ar ais i Roinn a Dó tar éis bliana. Dé Domhnaigh, tá obair le déanamh ag an Chabhán an lámh in uachtar a fháil ar Chiarraí. Ag tús na sraithe, mothaíodh go mbeidh an Cabhán agus Ros Comáin i dtrioblóid ach spreagfaidh an bua a bhí ag an Chabhán i gcoinne Mhaigh Eo an tseachtain seo caite iad. Déarfainn go mbeidh Ciarraí níos láidre ach tá buntáiste baile ag an Chabhán. Is ar seacht bpointe anois ar bharr an tábla atá Áth Cliath, Dún na nGall, Tír Eoghain agus Muineachán, leis an dá fhoireann is fearr ar bharr an tábla tríd go dtí an cluiche ceannais ar an 9 Aibreán. Feicfear Dún na nGall sa bhaile in adharca Mhuineacháin agus Maigh Eo faoi bhrú ag taisteal go dtí an Ómaigh chun casadh le Tír Eoghain.

Curiarracht: An lucht tacaíochta sa tóir ar Stephen Cluxton i ndiaidh an bhua Dé Sathairn. Thíos Conor McHugh ag ceiliúradh

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.