Bua de dhíth ar na Cait agus Baile Átha Cliath

Irish Independent - Seachtain - - Spórt - Le Gráinne McElwain

Reáchtálfar an babhta deireanach de Shraith Iomána Allianz Dé Domhnaigh agus níl ach Tiobraid Árann sábháilte agus tríd go dtí na babhtaí ceathrú ceannais i gceann coicíse.

Ar íochtar an tábla tá Áth Cliath ar dhá phointe le Cill Chainnigh os a gcomhair ar thrí phointe.

Cinntiú

Imreoidh an dá fhoireann seo in aghaidh a chéile Dé Domhnaigh, le bua de dhíth ón dá fhoireann chun a chinntiú nach mbeidh siad sa chluiche dícháilithe an tseachtain seo chugainn.

Foireann óg atá ag Áth Cliath ach beidh siad in ann fáilte a chur ar ais roimh imreoirí Chuala ar nós David Treacy (thíos) a bhuaigh Craobh Iomána na gClub ar Lá Fhéile Pádraig den chéad uair. Níl ach cluiche amháin buaite ag Áth Cliath, sin i gcoinne Chorcaí i mbabhta a dó. Léirigh Cill Chainnigh nach bhfuil rudaí chomh dona agus a cheapfá leis an chomhscór in aghaidh Thiobraid Árann i mbabhta a ceathair ach beidh na Cait mar rogha na coitiantachta anseo. Feicfear Corcaigh sa bhaile in éadan na dTiobrádach, leis an Chlár ag tabhairt aghaidh ar Phort Láirge. Caithfidh na foirne eile seachas Tiobraid Árann buachaint Dé Domhnaigh chun a chinntiú nach mbeidh siad sa chluiche dícháilithe. Tosnóidh na cluichí uilig ag a trí a chlog.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.