Súil na Seachtaine

Irish Independent - Seachtain - - Siamsa.Seachtaine -

An Misean sa tSín, inniu, TG4, 10in

Craolfar an dara clár sa tsraith a chíorann scéal na misinéirí ón tír seo a shaothraigh go dícheallach sa Domhan Thoir sa trian láir den aois seo caite. Bhí corraíl go leor, cogaíocht, gorta, tuillte agus bochtaineacht forleathan sa réigiún ollmhór seo den domhan. Chuaigh na céadta fear agus bean Éireannach, sagairt, mná rialta agus bráithre, chun na Síne agus iad ag iarraidh an Chríostaíocht a leathadh agus cur le leas an phobail. Fuair na milliúin Síneach bás agus fágadh na milliúin eile gan dídean tar éis thuile abhainn Chang Jiang sa bhliain 1931. Bhí ról lárnach ag na sagairt agus na mná rialta as Éirinn i bhfaoiseamh an tubaiste.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.