Físeán scoile feicthe ag 100,000!

Irish Independent - Seachtain - - Líon.Nuachta - Le Katie McGreal

Tá breis is 100,000 duine ar fud an domhain i ndiaidh breathnú ar fhíseán úr Gaelcholáiste.

Chonacthas ‘Lip Dub’ Choláiste Feirste 80,000 uair ar Facebook agus 20,000 ar YouTube — agus tá an líon ag ardú gach lá. Tháinig foireann scannánaíochta ón iris idirlín Nós agus daltaí na scoile i mBéal Feirste le chéile le déanaí chun an físeán a dhéanamh thar dhá lá.

Ghlac 650 dalta agus 51 mhúinteoirí páirt sa scannán, ag canadh dhá amhrán – Leath ina Dhiaidh a hOcht le Kíla agus Ar Scáth a Chéile le Seo Linn. “Sna físeáin ‘lip dub’ eile ar an idirlíon roghnaíodh dhá amhrán agus mar sin shíl muid go mbeadh cuma mhaith ar dhá amhrán éagsúla,” a dúirt Gráinne Holland, léiritheoir an fhíseáin.

Feictear foirne spóirt na scoile, daltaí ag déanamh eolaíochta, damhsóirí Gaelacha agus ceoltóirí i rith an fhíseáin.

“Bhí an scoil ar fad páirteach ann,” a dúirt Gráinne. “D’oibrigh muid leis an scoil agus bhí lá amháin cleachtaidh agus lá amháin taifeadta againn ag tús mhí Feabhra.”

Tá an físeán tiomnaithe d’iardhalta agus do mhúinteoir Choláiste Feirste, Beicí Mhic Crabhagáin, a cailleadh i mí Feabhra agus í 34 bliana d’aois.

Dúirt leas-phríomhoide na scoile Mícheál Mac Giolla Ghunna: “Thug sé seans dúinn spiorad na scoile a thaispeáint don saol mór. Is léiriú iontach é seo ar mheanma phobal na scoile agus ar an luach bhreise a thugann an Gaeloideachas.”

Agus más maith leatsa an físeán a fheiceáil, bain úsáid as an cód QR seo...

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.