Brú ag teacht orainn ár gcorp a thréigean ‘I

Ní bhíonn mná sásta lena gcorp sa lá atá inniu ann — ach cé air atá an locht, a deir Sorcha Ní Dhubháin

Irish Independent - Seachtain - - Líon.Nuachta -

’m going to leave my body’ — is iad seo liricí amhráin faoi leith a chanann an grúpa Florence and the Machine. Táim faoi dhraíocht ag an dtuairim seo, gur féidir leat do chorp a fhágaint. Go minic ritheann na focail seo trí m’intinn.

Féachaim timpeall. Is brónach an radharc os mo chomhair. Níl aithne acu ar a chéile. Níl mórán daoine ag caint. Ach tá gluaiseacht ar siúl, tá siad ag spaisteoireacht timpeall go réchúiseach, corrdhuine ag seasamh ina aonar.

Grúpaí beaga ban i bhfochair a chéile. Ón dtaobh amuigh féachann cúrsaí go breá. Tá rud éigint níos dorcha ar siúl áfach.

Tá súile ag bogadh. Súile na mban ag eitilt go héadrom thar chorp an duine taobh leo. Ceapann siad go bhfuil siad caolchúiseach, nach léir a bhfuil ar siúl.

Chímse é áfach. Ag scagadh, ag déanamh breithiúnais, ag dianscrúdú an choirp. Mná ag féachaint ar mhná eile. Na mná a sheasann chun tosaigh, tá siad tanaí i ngach cuid dá gcorp.

Cuireann siad in iúl go bhfuil siad muiníneach. Tá corp beag caol bídeach acu, corp cailín agus tá a fhios acu go bhfuil. Ansan tagann an ceol ar siúl, ó bharr an halla. Buaileann an ceol leictreonach mé de gheit.

Bíonn gach duine níos compordaí nuair a thosnaíonn an damhsa. Cén fáth? Bhuel anois tá tasc le déanamh — damhsa. Nílimid fágtha díomhaoin, fágtha lenár smaointe; gan aon rud le déanamh ach seasamh timpeall agus sinn féin a chur i gcomparáid lenár gcomrádaí taobh linn.

Gan aon rud le déanamh ach machnamh ar cé chomh gránna is atá ár gcorp. Níl aon duine ag smaoineamh ach ar rud amháin anois: damhsa.

Ta sé deacair smaoineamh ar do cheallailít agus tú ag tabhairt faoi chéimeanna Zumba! Tá faoiseamh milis sa ghníomhaíocht. Le haghaidh b’fhéidir 45 nóimintí tá an anailís, machnamh agus smaoineamh ar fad thart.

Ach cé chomh nasctha is atáimid lenár bhfisiciúlacht? Cinnte tá an corp agus an intinn ceangailte. I gcás anoireicse deirtear go bhfuil an galar nasctha go tréan le féinmhuinín íseal.

Chomh maith leis sin deirtear go bhfuil sé ceangailte le smacht. Bíonn an té atá ag fulaingt ag iarraidh smacht a bheith acu in earnáil amháin dá shaol. Tá dorchadas ag baint leis seo.

Ag séanadh bia, tá tú ag cur saghas pionóis ort féin. Cosúil le daoine a aimsíonn scian chun iad féin a ghearradh, is féindochar de shórt atá ann. Ní haon ionadh é, is dócha, go bhfuilimid ag maireachtaint in aois atá níos foréigní ar aon nós.

Fuaim na sochaí seo, casta suas go deich. Ó thaobh na siamsaíochta de: teilifíseáin HD, cluichí ríomhairí atá fíor-réadúil, scannáin 2T, 3T agus teicneolaíocht atá ag forbairt ar luas fíochmhar.

Sa lá atá inniu ann tá gach ní den saol níos cumhachtaí, níos drámatúla. Mar sin atá sé i gcúrsaí coirp chomh maith. Mná tanaí ag siúl timpeall ar nós chreatlacha Oíche Shamhna, nó mná móra atá ar tí diaibéiteas a fháil.

Bíonn caidreamh casta ag roinnt daoine lena gcorp agus de dheascaibh seo: bia chomh maith. Ní fadhb nua go hiomlán é. Bhí sé i gcónaí ann.

Féach ar chás Karen Carpenter, an t-amhránaí cáiliúil ón ngrúpa The Carpenters a mhair i rith na seachtóidí. An chéad duine cáiliúil a cailleadh de bharr anoireicse. Blianta ó shin agus í i lár anoireicse, tuairiscíodh gur úsáid sí síoróip ipiceaice mar urlacach. Urlacach ná substaint a spreagann duine chun caitheamh suas. Úsáideadh é blianta ó shin nuair a shlog duine nimh trí thimpiste. Bhíodh sé istigh i mboscaí garchabhrach. D’ól an t-íospartach siar é, ionas go gcaithfidís suas pé substaint dainséarach a bhí slogtha acu. Ní úsáidtear anois é. Tuigeann daoine anois an baol a bhaineann leis. Is nimh chumhachtach ann féin í síoróip ipiceaice. Bhí cás Carpenter eisceachtúil ag an am, gan mórán tuisceana ag daoine ar anoireicse. Inniu tá go leor ag fulaingt leis an ngalar agus daoine ag dul níos faide fós chun an corp idéalach a ghnóthú.

Déantar breithiúnas ar dhaoine bunaithe ar an tslí a fhéachann siad. Nuair a chíonn tú duine nua faoi cheann deich soicind tá saghas próifíle faoi aois, post agus pearsantacht an duine curtha le chéile agat.

Tá an phróifíl sin bunaithe ar chorp aeistéitiúil an duine. Déanaimid ar fad é i ngach rannóg don saol: san obair, sa phobal agus go sóisialta. Daoine atá fíor-ramhar, féachtar orthu mar dhaoine leisciúla, neamhghníomhacha, saghas truamhéalach.

Daoine ansan atá fíorthanaí, na tréithe atá nasctha leo ná go bhfuil siad fuinniúil, bríomhar; daoine gnóthacha. Féachtar orthu mar dhaoine le féinsmacht láidir.

Tá áit ina maireann an dorchadas i ngach duine aonair. Tá áit ina maireann an guth is criticiúla ionat. Tá sé deacair fuaim an ghutha sin a chasadh síos nuair a thosnaíonn sé ag cáineadh, céasadh agus cnáimhseáil.

Ní raibh Karen bhocht ábalta an guth a mhúchadh. Má tá tú fíorchliste is féidir leat an guth a bhá.

Go minic ag ranganna Zumba úsáidtear ceol ó roinnt áiteanna ar domhan, an Ind, an Afraic, Meiriceá Theas agus Meiriceá Láir.

Sa halla, tagann an ceirnín pop-leictreonach chun deiridh agus tosnaíonn ceol salsa. Cuireann sé seo gliondar orm, is aoibhinn liom ceol salsa. Tugaim faoi na céimeanna salsa le mo chuid fuinnimh, croí agus an spiorad ar fad atá ionam.

Ní thagann damhsa chugam go nádúrtha in aon chor. Bíonn orm díriú go hiomlán ar conas tabhairt fé. Ba chuma liom cén crot atá orm.

Aon ghuth im cheann, mórálach nó maslach, tá sé ciúin. Ní féidir liom smaoineamh ar aon rud eile atá ar siúl timpeall orm.

Tá sprioc Florence bainte amach agam. Ní fuil agus cnámh mé a thuilleadh. Táim in áit éigint difriúil.

Faoi dheireadh, tá mo chorp tréigthe

agam.

Mná ag féachaint ar mhná eile. Na mná a sheasann chun tosaigh, tá siad tanaí i ngach cuid dá gcorp”

Íomhá: Mainicín tanaí ag seó faisin agus, ar chlé, Karen Carpenter a raibh anoireicse uirthi

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.