Albam na Seachtaine

Irish Independent - Seachtain - - Siamsa.Seachtaine - Cormac Ó Beaglaoich

Seolfaidh an Ciarraíoch ceolmhar Cormac Ó Beaglaoich, ball den ghrúpa Ré, a chéad albam le linn sraith ceolchoirmeacha ar fud na tíre sna seachtainí amach romhainn, ag tosú san oíche amárach i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.

Naoi gconsairtín ar fad — ina measc an baratón, tribil agus an piccolo — atá á seinm ag Cormac (ar dheis )aran albam úr a shíneann seacht gcinn d’ochtacha!

Bí ag súil le meascán tiúineanna, idir shean agus nuachumtha, a thug Cormac leis thar na blianta.

Beidh aíonna speisialta i láthair ag na ceolchoirmeacha chun an t-albam úr a sheoladh go hoifigiúil, ina measc Mary McNamara, Pádraig Mac Donnchadha, Liam O’Neill. Tá mo chóipse réamh-ordaithe agam! Ceolchoirmeacha seolta: n 30 Márta — Coláiste na hOllscoile Corcaigh n 1 Aibreán — Minogues Bar, an Tulach n 9 Aibreán — An Teach Ceoil, an Rinn, Co Phort Láirge n 13 Aibreán — The Cobblestone Bar, Baile Átha Cliath n 15 Aibreán – Tigh Roy, Corderry, Galbally, Co Thiobraid Árann n 29 Aibreán — Cluain Cearbán, Co Mhaigh Eo (Féile Cois Chuain) n 1 Bealtaine — Séipéal Naomh Seosaimh, an Daingean (Féile na Bealtaine)

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.