Imeacht na Seachtaine

Irish Independent - Seachtain - - Siamsa.Seachtaine - MÉABH NÍ THUATHALÁIN

Siansa, Dé Domhnaigh, an Ceoláras Náisiúnta, BÁC, 7.30in

Beidh ocht ngrúpa ceoil san iomaíocht i gCraobhchomórtas Siansa Gael Linn 2017.

Seinnfidh gach grúpa a rogha féin de cheol traidisiúnta atá cóirithe go speisialta ag na baill, agus beidh amhráin as Gaeilge le cloisteáil uathu chomh maith.

Le duaischiste de €4,500, is féidir a bheith ag súil le géariomaíocht agus ardchaighdeán ceoil. Bronnfar príomhdhuais €2,500 agus trófaí Gael Linn ar na buaiteoirí, €1,250 don dara háit agus €750 don tríú háit. Anuas air sin, bronnfar duais chuimhneacháin ar na ceoltóirí uile a bheidh páirteach sa Chraobh.

Bíonn ard-atmaisféar agus slua mór i láthair don fhéasta ceoil i gcónaí agus beidh an cheolchoirm á craoladh beo ag Áine Hennessy ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 7.30in.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.