Dúshlán mór ag Laighin gan Rob ná Jamie

Irish Independent - Seachtain - - Spórt - GRÁINNE McELWAIN

Buille mór do Chúige Laighean nach mbeidh ceachtar de Jamie Heaslip ná Rob Kearney ar fáil dóibh agus iad ag tabhairt aghaidh ar Wasps sa bhabhta ceathrú ceannais de Chraobh Rugbaí na hEorpa tráthnóna Dé Sathairn.

Chuaigh an bheirt faoin scian ar na mallaibh. Tuairiscítear go mbeidh Kearney in easnamh ar feadh sé seachtainí, le Heaslip as an phictiúr “ar feadh cúpla seachtain” le gortú droma.

Coimhlint

Is ar bharr thábla phríomhroinn Shasana atá Wasps mar aon le Cúige Laighean atá ar bharr an Pro12 tar éis an bhua i gcoinne Cardiff Blues an tseachtain seo caite, 22-21.

D’imir Isa Nacewa den chéad uair ó mhí Eanáir leo agus é ar fáil don choimhlint seo. CRAOBH RUGBAÍ NA hEORPA, BABHTAÍ CEATHRÚ CEANNAIS Cúige Laighean v Wasps @ 1515, Staid Aviva, Dé Sathairn @15.15 Cúige Mumhan v Toulouse, Páirc Thuamhan, Dé Sathairn @ 1745

Feicfear imreoirí ar nós James Haskell, Joe Launchbury, Elliot Daly le Wasps agus iad ar fhoireann Shasana a bhuaigh Comórtas na Sé Náisiún coicís ó shin.

Cé go bhfuil an Mhumhain sna babhtaí ceathrú ceannais in aghaidh Toulouse den chéad uair le trí shéasúr, tá imní mhór faoi Conor Murray agus é ag fulaingt le gortú gualainne a ghabh dó in aghaidh na Breataine Bige i gcomórtas na Sé Náisiún.

Seans maith go bhfeicfimid an iarSpringbok Jean Deysel ag imirt den chéad uair le gortuithe Dave Foley agus Jean Kleyn ag cur brú ar Rassie Erasmaus imreoir úr a fháil sa dara líne.

Imreoidh Saracens in éadan Glasgow Warriors agus beidh ASM Clermont Auvergne le RC Toulon sna babhtaí ceathrú ceannais eile Dé Domhnaigh.

Ar iarraidh: Rob Kearney (isfaidear chlé)agus Jamie Heaslip

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.