Cuidiú fós de dhíth ar an óige

Irish Independent - Seachtain - - Seachtain.Spórt - MÍCHEÁL Ó MUIRCHEARTAIGH

Cuireadh tús le comórtaisí Uile-Éireann sa pheil agus san iomáint sa bhliain 1887. Foirne ós na clubanna a bhí i gceist, curaidh a gcontaetha má bhí a leithéid ann. Bhí earrach na bliana dár gcionn sroiste nuair imríodh na cluichí ceannais; ba pheileadóirí a bhain le Tráchtálaithe Luimnigh a ghaibh an Chraobh sa pheil agus ba le iománaithe Dhurlas Éile an Chraobh.

Ba mhinic go raibh na clubanna ag brath ar ‘iasacht páirce’ ó fheirmeoir éigin chun cluichí d’imirt; ní raibh fiú trácht ar chlubtheach agus ní raibh comórtaisí ann ach d’fhoireann amháin seachas na clubanna go raibh peileadóirí agus iománaithe cláraithe leo. Sin mar a bhí agus is fíor go cinnte gur de réir a chéile a tógtar na caisleáin. Fágaimis iad siúd mar atá siad mar a chomhairlíonn an seanamhrán chun aire a dhíriú ar ghné atá ag éirí comónta i gclubanna spóirt, CLG ina measc.

Tá níos mó ná cluichí agus comórtaisí ar mhisean clubanna na linne seo mar go bhfuil athruithe go leor tagtha ar an saol sóisialta. Is beag tagairt a bhíodh ar mhí-úsáid drugaí nó deochanna meisciúla dhá scór bliain ó shin. Sé mo thuairim gurb iontach an treoir chun déileáil leis dá mbeadh oifigeach i ngach aon chlub spóirt den uile chineál sa tír chun na daoine faoi aois a chur ar bhóthar a leasa tré chúrsaí agus cainteanna ó dhaoine fásta a bhí oilte ar an gceird a eagrú.

Maidir le Cumann Lúthchleas Gael, tá rannóg i bPáirc an Chrócaigh ina bhfuil comhairleoir, saineolas, bileoga cuí, cláracha agus go leor eile ullamh le cabhrú le daoine i gclubanna atá gafa le réiteach na faidhbe.

Ag an bpointe seo tá os cionn sé chéad club gafa leis agus is maith san ach tá dúbailt na méide sin nach bhfuil cláraithe. Nár chóir go mbeadh níos mó spreagtha á thabhairt ag Boird Chontae CLG dos na clubanna le breis béime a leagadh ar an ngné sin de shaol na linne seo?

Nach mbeadh oiread measa ag tuismitheoirí ar oiliúint don óige ar a ndearcadh ar an mbaol a bhaineann le mí-úsáid drugaí agus deochanna meisciúla agus a bheadh le ‘boinn’ a ghnóthú ar pháirceanna imeartha?

Cad faoi Roinn an Rialtais go bhfuil dualgas uirthi bheith gníomhach sa réimse céanna?

Tá tuairim agam le fada gur infheistíocht fíorthorthúil a bheadh ann méid áirithe airgid a bhronnadh ar chlubanna a bheadh gníomhach, dáiríre agus dírithe ar réiteach d’fháil. Nach mithid don Rialtas dóchas a léiriú tré chabhair a thabhairt do chlubanna de ghach sórt tré pé bord a bhíonn i gceannas?

‘Mo léan-sa an bhean go lagbhríoch,’ mar a dúirt Aogán in Aisling uair dá raibh.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.