Meaisíní Marsacha

Irish Independent - Seachtain - - Seachtain.Óg -

Tá Curiosity, carr spáis NASA, ar Mhars le ceithre bliana go leith anuas anois. Is dócha go bhfuil thart ar 10 km taistil déanta aige. Láinseáladh é Mí na Samhna 2011. Is carr spáis róbatach é agus tá sé chomh mór le carr (thart ar 3 mhéadar ar fad, thart ar 2.7 méadar ar leithead, agus thart ar 2.2 méadar ar airde). Tomhais na faid seo i do sheomra ranga nó sa chlós agus féach cé chomh mór is atá sé. Tá Curiosity ábalta druileáil níos mó ná 6 cm síos i gcarraig agus an t-ábhar púdrach a bhaint amach. Déanann eolaithe tástáil ar an ábhar seo.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.