Stíl na Seachtaine Camille Charrière

Irish Independent - Seachtain - - Siamsa.Seachtaine -

Is í Camille, spéirbhean Pháras, atá mar stílí againn an tseachtain seo. Tá an-cháil ar Camille ar na meáin shóisialta, ar Instagram go háirithe, agus breis agus leathmhilliún leantóir aici! Tá sí ina cónaí i Londain, ach bíonn sí ag tarraingt ar a cathair dúchais Páras go minic. Cé gur stíl is mó a bhíonn faoi chaibidil ag Camille, faightear blaiseadh dá saol agus spéiseanna — idir cheol, bhia agus sheodra! Tá fógartha ag Mango — branda mór Spáinneach — go mbeidh Camille luaite lena mbailiúchán is déanaí agus í ar dhuine de na #MangoGirls! Coinnígí súil amach di. Más maith leat stíl Camille a chothú sa bhaile, tá a macasamhla ar fáil i siopaí na mórshráide: n Cóta ‘Double Breasted Cocoon Coat’ €89/£65 Topshop n Buataisí ‘London Rebel Patent Point Flat Side Zip Boots’ ó €66.66 go €26.67/£50 go £20 Asos n Scairf mhuiníl ‘Warehouse Floating Floral Neckerchief Scarf ’ £12/€16 Asos

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.