FAISEAN DÉAGÓIR A CHAITHEANN CULAITH AONPHÍOSA

Irish Independent - Seachtain - - Seachtain -

Is í an t-aisteoir óg, réalta The Curious Case of Benjamin Button, Maleficent agus mórscannáin eile, atá linn an tseachtain seo agus í ag caitheamh culaith aonphíosa de chuid Miu Miu, só-bhranda Iodálach atá lán le giuirléidí gáifeacha agus éadach péacach ealaíonta an séasúr seo. Seans go mbeadh fonn ort bróga aondatha fíneálta a chur le culaith aonphíosa atá lán le patrúin ach is maith liom rogha chróga Ella (19) sa chás seo a chuireann splanc agus éagsúlacht leis an chulaith. Má tá tú riamh ag lorg leideanna stíle, ní gá dul níos faide ná leathanaigh Instagram dheirfiúracha Fanning, tá Dakota agus Ella i measc na ndaoine is faiseanta cinnte! Más maith leat culaith aonphíosa a macasamhail rogha Ella a chaitheamh, tá bailiúchán álainn ar fáil in Warehouse faoi láthair. n Full bloom €67/£52 n Tropical garden €61/£46 n Strawberry Print ó €61 go €24/£18.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.