Leabhar na Seachtaine

Irish Independent - Seachtain - - Siamsa.Seachtaine -

Cás Aduain an Dr Jekyll agus Mhr Hyde le Robert Louis Stevenson, €12.95/ £9.99 Agus tús shraith an fhómhair buailte linn, tá scéal scáfar le Robert Louis Stevenson roghnaithe mar Leabhar na Míosa ag an Chlub Leabhar.

Úrscéal é seo ina n-insítear scéal Gabriel John Utterson, dlíodóir a mhaireann i Londain ag deireadh an naoú haois déag.

Téann Utterson i mbun fiosrúcháin faoi eachtraí aisteacha a bhaineann lena sheanchara, an Dr Henry Jekyll, agus le fear gránna darb ainm EdwardHyde.

Tá an scéal scáfar seo, a foilsíodh i mBéarla den chéad uair in 1886, aistrithe go Gaeilge ag Conall Ceárnach agus maisithe ag Mathew Staunton. Cuirfidh sé alltacht agus anbhá ar lucht a léite.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.