Súil na Seachtaine

Irish Independent - Seachtain - - Siamsa.Seachtaine -

Súile Londain, TG4, amárach @9.30

Cuirfear tús le sraith nua a thabharfaidh léargas ar shaol agus ar thaithí mhuintir óg na hÉireann atá ag cur fúthu i bpríomhchathair na Breataine le roinnt blianta anuas. Léireoidh an tsraith saol na ndaoine óga seo atá ina gcónaí i gcathair mhór ina maireann ocht milliún duine. Leanfaidh Súile Londain seisear Gaeilgeoirí le blaiseadh dá bhfíorshaol siamsúil a fháil. Tabharfaidh cláir na sraithe seo tuiscint don lucht féachana ar na fáthanna a mheallann Londain na daoine óga úra seo, agus an dóigh a gcoinníonn siad a gcuid Éireannachais slán.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.