10 milliún Snapchat Gaeilge seolta le mí anuas

Irish Independent - Seachtain - - Seachtain -

Seoladh níos mó ná 10 milliún Snapchat le geo-scagairí pobail as Gaeilge ó cuireadh iad ar fáil ar fud na hÉireann an mhí seo caite.

Agus is iad na contaetha Gaeltachta Corcaigh, Gaillimh, Ciarraí agus Dún na nGall is mó a d’úsáid iad.

Áiríodh Snapchat i measc na ngnóthaí móra idirnáisiúnta a bhaineann úsáid as an nGaeilge den chéad uair an mhí seo caite, tráth ar eisigh an comhlacht 32 gheo-scagaire pobail as Gaeilge i gcomhar le Conradh na Gaeilge ag tús mhí Lúnasa.

Léargas

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge Niall Comer: “Chonacthas na snapanna Gaeilge 150 milliún uair a bhuíochas le geo-scagairí pobail Gaeilge Snapchat.

“Tugtar léargas i bhfad níos dearfaí dúinn ar úsáid na Gaeilge i measc aos óg na hÉireann sa lá atá inniu ann.

Léiríonn na staitisticí go bhfuil an líon is mó úsáide ag Corcaigh le 920,000 snap sa chontae sin ag baint leasa as na geo-scagairí pobail as Gaeilge ar Snapchat agus 15.3 milliún imprisean á nginiúint acu.

Tagann Contae na Gaillimhe sa dara háit le 870,500 úsáid agus 16.2 milliún imprisean, Ciarraí sa tríú háit, agus Dún na nGall sa cheathrú háit.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.