Tacaíonn cúig pháirtí le hAcht Gaeilge ó thuaidh

Irish Independent - Seachtain - - Líon.Nuachta -

Tá cúig pháirtí polaitíochta sa Tuaisceart ag tacú le hAcht Gaeilge neamhspleách anois.

Ghlac siad an cinneadh seasamh poiblí a dhéanamh ar chuireadh ó Chonradh na Gaeilge.

I láthair bhí Alliance, an Comhaontas Glas, Daoine Roimh Bhrabús, SDLP agus Sinn Féin.

Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán an Chonartha: “Tá an teachtaireacht iontach soiléir: tá tacaíocht leathan, traspháirtí, tromlaigh ann d’Acht Gaeilge neamhspleách. Is ionann an tacaíocht sin agus caoga den naocha ball Tionóil, tromlach stairiúil den chéad uair riamh. Chuige sin, éilíonn Conradh na Gaeilge ar na páirtithe siúd atá go fóill ag cur in éadan Acht Gaeilge neamhspleách machnamh a dhéanamh athuair ar an seasamh atá acu ar an cheist agus an deis seo chun athruithe a bhaint amach a aithint.”

Is í ceist na Gaeilge an phríomhchonstaic atá ag cur bac ar an rialtas ó thuaidh. Thit an rialtas i mí Eanáir nuair a tharraing Sinn Féin as, agus tá an dá pháirtí aontachta, an DUP agus an UUP, in éadan acht neamhspleách don Ghaeilge.

Ag seasamh le chéile: Ionadaithe ó na cúig pháirtí le Conradh na Gaeilge

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.