€4.6 milliún ar fáil ag féile mhór na gcapall

Irish Independent - Seachtain - - Spórt -

Bronnfar duaischiste níos mó ná €4.6 milliún ar na buaiteoirí ag féile mhór rásaíochta capall an deiridh seachtaine seo, seaimpíní na hÉireann Longines.

Idir Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh feicfear na capaill agus na traenálaithe is fearr ó chian is ó chóngar ag Baile na Lobhar agus an Currach.

Anuraidh

Is é an Irish Stallion Farms EBF “Petingo” Handicap an chéad rás mór a bheidh ar siúl i mBaile na Lobhar Dé Sathairn. Bhain Tony Martin (thuas) an chéad dá áit anuraidh le Quick Jack agus Pyromaniac agus tá sé chapall mar iontráil aige i mbliana.

Beidh cúig chapall á dtraenáil ag Willie Mullins ann fosta, ina measc Renetti, Ivan Grozny agus Lagostovegas. Sa rás dheireanach Dé Sathairn, is as Sasana na traenálaithe ar 15 as 54 chapall atá liosta le rith sa rás seacht staid, “Sovereign Path” Handicap. Tá spéis mhór ag traenálaithe Shasana sa chéad rás ar an Churrach Dé Domhnaigh le níos mó ná trian acu ag glacadh páirte sa “Bold Lad” Sprint Handicap. In éineacht leis sin an mhaidin sin, beidh deis ag daoine más maith leo dul ar an Thoroughbred Trail. Sin turas ar chlós na dtraenálaithe agus graífheirmeacha timpeall an Churraigh. Seans ann fosta tar éis an chéad rása na hiar-sheaimpíní capaill a fheiceáil san fháinne ina measc Hurricane Fly, Our Duke, Sizing John agus Forpadydeplaster.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.