PRÓIFÍL LEATHANACH 2

Irish Independent - Seachtain - - Líon.Nuachta - AUNG SAN SUU KYI CEANNAIRE MHAENMAR

Bhain Aung San Suu Kyi gradam Nobel na Síochána in 1991. Cén fáth a bhfuil muid ag cloisteáil fúithi anois? Shínigh os cionn 400,000 duine achainí ar líne ag iarraidh ar an gcoiste Nobel an gradam a bhaint di mar gheall ar an drochíde atá á tabhairt don phobal Mhoslamach Róihinse i Maenmar. D’éalaigh 270,000 Róihinse ón tír le coicís anuas.

Agus cé hiad an pobal Róihinse? Tá a dteanga agus a gcultúr féin acu agus tá siad lonnaithe i stát Rakhine in iarthar na tíre. Tá milliún acu ann ach — dála an chuid is mó de Mhoslamaigh na tíre — níl cead vótála acu agus níl saoránacht na tíre acu. Is é an Búdachas príomhchreideamh Mhaenmar. Is Moslamaigh iad 4 faoin gcéad den phobal agus bíonn nimh san fheoil idir an dá phobal. Faoi láthair, táthar ag rá go bhfuil saighdiúirí Mhaenmar ag dó bailte agus ag marú mhuintir Róihinse. Ach deir Suu Kyi go bhfuil an rialtas ag iarraidh fáil réidh le sceimhlitheoireacht agus sin an fáth a bhfuil na hionsaithe ann.

Fuair Suu Kyi an gradam Nobel de bharr na hoibre a rinne sí ar son cearta daonna i mBurma, mar a bhí ag an am. Ach is léir nach bhfuil sí chomh buartha faoi chearta na Róihinse. Ar cheart mar sin an gradam a bhaint di? Dúirt an coiste Nobel nach féidir leo an gradam a bhaint uaithi. Nuair a dhéanann siad cinneadh an gradam a bhronnadh ar dhuine breathnaíonn siad ar an obair a rinne siad go dtí an pointe sin agus ní théann siad siar ar an gcinneadh. Agus ní hé seo an chéad uair a bronnadh an duais go conspóideach ar dhuine. Fuair Barack Obama gradam Nobel na Síochána in 2009, fear a bhí i mbun cogaíochta i seacht dtír ar a laghad.

Cad é mar a toghadh Suu Kyi ina ceannaire ar an tír? Chaith Suu Kyi 15 bliana faoi bhraighdeanas baile le linn a troda ar son an daonlathais i Maenmar. Bhí aird an domhain uirthi i rith an ama. Bhuaigh páirtí Suu Kyi an chéad toghchán saor a bhí sa tír in 2012 agus bhí sí ina ceannaire ó shin. Fuair sí níos mó tacaíochta arís sa toghchán in 2015.

Agus an féidir linn rud ar bith a dhéanamh don phobal Róihinse? Gach lá tá na mílte acu ag teacht ar an Bhanglaidéis mar theifigh. De réir na Náisiún Aontaithe, tá siad ar cheann de na pobail is mó faoi chois ar domhan. Ba chóir do rialtas na hÉireann a seacht ndícheall a dhéanamh le cosaint agus cúnamh a thabhairt dóibh.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.