Stíl na Seachtaine Caroline de Maigret

Irish Independent - Seachtain - - Siamsa.Seachtaine -

Tá spéirbhean Pháras Caroline de Maigret mar stílí againn an iarraidh seo agus í le feiceáil i measc na gceiliúrán ag imeacht de chuid Sheachtain Fhaisin Nua-Eabhrac (NYFW), atá ag teacht chun críche inniu. Mainicín agus scríbhneoir aitheanta í Caroline (42) a chomhoibrigh lena cairde Anne Berest, Audrey Diwan agus Sophie Mas chun an treoirleabhar ‘How To Be Parisian Wherever You Are’ a chur amach. Tá leideanna áilleachta, stíle agus grá sa leabhar, mar aon le noda do mháithreacha. Leanaim í ar Instagram agus is minic a tharraingíonn a rogha stíle aird mo shúl. Tá píosaí mar atá á gcaitheamh ag Caroline ar fáil i siopaí na mórshráide. n Cairdeagan mór ‘Cardigan in Chunky Knit with Eyelet Detail’ €47.30/£35 Asos n Bríste géine tanaí dubh ‘Black Skinny Jenna Jeans’ €14.99/£11.99 New Look n Barréide ‘Embroidered Lace Button Camisole Top’ €36/£26 Topshop n Bróga snasleathair ‘Black Patent Cleated Tassel Loafers’ €35/£28 Next

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.