An laoch Cora ar lorg a cúigiú Craobh

Irish Independent - Seachtain - - Spórt - GRÁINNE McELWAIN

“Tá craobhacha na hÉireann buaite agus caillte agam i bPáirc an Chrócaigh,” a dúirt laoch pheil na mban as Maigh Eo Cora Staunton.

Anois le deich lá le dhul roimh chluiche ceannais peile ar an 24 Meán Fómhair, tá deis aici féin bonn Uile-Éireann eile a bhaint chun cur leis na ceithre cinn a bhuaigh sí.

Deireanach

Ba é 2003 an uair dheireanach gur tharla sé di agus í in aois 21 bhliain d’aois ag an am. Déarfainn gurb é seo an seans deireanach di féin agus leithéidí Martha Carter agus Yvonne Byrne (ar dheis) a lámha a chur ar Chorn Bhreandáin Uí Mháirtín. Is mór an t-athrá atá déanta agamsa ar an ábhar seo ach ní fhaigheann laochra spóirt na mban an t-aitheantas ceart. Cuimhnigh go bhfuil deich ngradam Sárimreora buaite ag Cora chomh maith. Bronnadh laoch na himeartha uirthi sa bhabhta leathcheannais trí seachtaine ó shin nuair a d’aimsigh sí 1-9 chun spreagadh a thabhairt dá foireann fáil réidh le dúshlán Chorcaí.

Muinín

B’in an chéad uair gur chaill Corcaigh i bhfeachtas na hÉireann ó 2010. Is iad Áth Cliath rogha na n-údar ach ní bheidh easpa muiníne ar Mhaigh Eo. Mar a luaigh bainisteoir na foirne Frank Browne liom: “Ní fiú a bheith ann anois. Caithfidh muid é a bhaint.”

Cumasach: Cora Staunton Mhaigh Eo sa chluiche leathcheannais inar aimsigh sí 1-9

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.