IS FÉIDIR LE MAIGH EO AN BEART A DHÉANAMH...

Irish Independent - Seachtain - - Seachtain. - MÍCHEÁL Ó MUIRCHEARTAIGH

Igceann ceithre lá beidh buaicphointe peile na tíre buailte linn. Beidh Páirc an Chrócaigh lán go doras mar is ann a bheidh Áth Cliath agus Maigh Eo in iomaíocht i gcluiche ceannais na hÉireann.

Is iad na Bleá Cliathaigh na curaidh agus ní amháin san ach táid ar thóir an tríú craobh as a chéile. Maidir leis na Connachtaigh, is ar thóir na chéad chraoibhe ó 1951 i leith atáid. Nach fada an feitheamh é?

Ní haon ionadh é go bhfuil an pobal peile náisiúnta ag machnamh ar an gcrá a thagann gach aon bhliain ar an dtaca seo — cá ngabhfaidh Sam bocht nuair bheidh deireadh imeartha sroiste ag na gaiscígh ón dá chontae?

Níl aon easpa de chaint, barúileacht ná guí féin sa bhfiach don fhírinne.

Tá dóthain daoine a deir go bhfuil ardseans ag Áth Cliath an chraobh a choinneáil ar feadh bliain eile agus ní thógfá orthu é tar éis sracfhéachaint eile a thabhairt ar oiread laochra aitheanta agus cáilithe atá ar fáil acu.

Tá scata eile nach beag ach oiread go bhfuil tuairim acu go dtiocfaidh an ceathrú craobh as a chéile chucu i gceann bliain eile. Dar liomsa is dearcadh amaideach a leithéid mar nár éirigh le neach riamh tréad bó a chur thar abhainn i dteannta a chéile. Ceann ar cheann agus céim ar chéim a deir déithe na gaoise i gcásanna mar é.

Dar leis na déithe céanna is seafóid amach is amach é bheith ag caint ar chúig cinn as a chéile agus tá ‘abairtí’ den bport sin cloiste agam féin.

Níor tharla a leithéid riamh sa pheil ná san iomáint agus is fíor gur éirigh le Ciarraí sa pheil mar aon le Corcaigh agus Cill Chainnigh ceithre chraobh as a chéile a shní le chéile ag amantaí éagsúla.

Táimse tréna chéile ach, bhuel, cá ngabhfaidh Sam Mag Uidhir i mbliana? B’fhéidir anois é go bhfuil mórthionchar ag abha mhór na Sionaine i spórt na tíre i mbliain seo an Tiarna? Cinnte, is fíor é go bhfuil taisce mór óir i ngrinneall na farraige lasmuigh de chósta thiar na hÉireann ó aimsir an Armada.

Ach ní chreidim go bhfuil sé chomh mór leis an méid óir atá imithe thar Sionainn siar i mbliana.

Nach bhfuil an liosta seo leanas de choirn iomána lonnaithe ann anois — Corn an Bhreathnaigh, Craobh Laighean, Craobh na Sraithe, Craobh Mionúr na hÉireann, Craobh faoi 21 na hÉireann agus Craobh Sinsear na hÉireann.

‘Igcuntais Dé’ a deirim liom féin agus n’fheadar anois an ag taibhreamh a bhíos nuair rith sé liom gur saolaíodh ‘Maigh Eo Nua’ i bhfómhar na bliana seo. Tharla sé ar an dtráthnóna go raibh an lámh uachtair acu ar Ros Comáin in athimirt i bPáirc an Chrócaigh.

Réabadar amach ar an bpáirc an lá úd mar a dhéanfadh gamhna a scaoilfí saor don gcéad uair i dteach i mbán féarach a bhí réitithe ag Dia féin dóibh.

Bhí anamúlacht agus úire ag baint leo agus ba léir go raibh fonn imeartha orthu agus go rabhadar sona sásta lena gcumas féin.

Mar a chéile a bhí in aghaidh Chiarraí sa dá chluiche deiridh go dtí seo.

Fágfaidh mé cumadh an fhreagra faoi Dhia féin.

Díomách: Imreoirí Mhaigh Eo tar éis an chluiche ceannais anuraidh

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.