Céimeanna bronnta ar 1,880 mac léinn

Irish Independent - Seachtain - - Líon.Nuachta -

Bhronn Ollscoil Mhá Nuad réimse céimeanna ag leibhéal fochéime agus ag leibhéal iarchéime ar níos mó ná 1,880 mac léinn an tseachtain seo.

Is í Ollscoil Mhá Nuad an ollscoil is gasta fás sa tír. Tá breis agus 12,000 mac léinn ag freastal uirthi, lena n-áirítear 1,600 mac léinn a bhfuil iarchéim teagaisc ar bun acu nó ar mic léinn phroifisiúnta iad, agus breis agus 400 mac léinn taighde.

Rinne Ollscoil Mhá Nuad ceiliúradh ar 20 bliain a bunaithe mar institiúid neamhspleách le déanaí, agus níos luaithe sa bhliain, bhain an ollscoil aitheantas amach mar cheann de na hollscoileanna nua is fearr ar domhan agus an 49ú háit bainte amach aici i Rangú na nOllscoileanna Óga 2017, rangú a rinne an Times Higher Education.

Seo an rangú is airde atá bainte amach ag Ollscoil Mhá Nuad go dtí seo, agus is é an rangú is airde é atá bainte amach ag aon ollscoil in Éirinn riamh.

Onóir: Alswyn Ní Aonghusa Ní Dhúill, Baitsiléir Ealaíon, Gaeilge agus Staidéir ar na Meáin, in éineacht leis an Ollamh Pilib Ó Nualláin, Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad

Bua: Brian Molloy in éineacht leis an Ollamh Ó Nualláin — bhí Brian ar dhuine d’iománaithe phainéal na Gaillimhe

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.