Ceithre fhoireann nua i sraith na bhfear anois

Irish Independent - Seachtain - - Spórt -

Séasúr úr i gcomórtas na sraithe cispheile atá os ár gcomhair an deireadh seachtaine seo nuair a thosóidh sraith 2017-18.

I mbliana, tá ceithre fhoireann nua i sraith na bhfear i roinn a haon: LIT Celtics, St Paul’s Cill Airne, Ballincollig BC agus Portlaoise Panthers.

Donaghy

Ciallaíonn sé sin go bhfuil trí fhoireann as Ciarraí sa dá roinn anois, ina measc Garvey’s Tralee Warriors a bhfuil an t-imreoir Chiarraí Kieran Donaghy (ar dheis ) ag imirt leo.

Feidhmíonn siad sa phríomhshraith agus bhuaigh siad corn na seaimpíní i mí Aibreáin agus iad ag dúil le céim eile chun tosaigh sa tsraith i mbliana. Is iad Templeogue seaimpíní sraithe na bhfear agus is iad Glanmire curaidh comórtais na mban. Feicfear dhá fhoireann nua i roinn a haon de chuid na mban, le Griffith Swords Thunder agus Team North West as Dún na nGall ag glacadh páirt ann. Beidh Templeogue as baile in aghaidh DCU Saints san oíche Dé Sathairn ag a seacht le Tralee Warriors ag dul go Corcaigh agus UCC Demons san oíche Dé hAoine ag a hocht. Caithfear fanacht go tús mhí Dheireadh Fómhair go gcuirfear tús le cluichí na mban agus na seaimpíní Glanmire sa bhaile in éadan Killester. Tuilleadh eolais faoi na cluichí ar www. basketballireland.ie.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.