Curiarracht dhomhanda mar sprioc ag Gaeilgeoirí

Irish Independent - Seachtain - - Seachtain. -

Táthar ag caint agus tú á léamh seo agus iarracht ar bun an churiarracht dhomhanda don chomhrá Gaeilge leanúnach is faide riamh a bhaint amach.

Tá breis is 60 grúpa rannpháirteach i gComhrá ’17, a mhairfidh 171 uair an chloig gan stad, ón Luan seo go dtí Dé Luain seo chugainn.

Tá an comhrá á shruthú beo ar snag. ie agus beidh deis ag an phobal ar fud an domhain páirt a ghlacadh sa chaint ar líne agus an haischlib #Comhrá17 a úsáid.

Dúirt Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge agus Feachtais Feasachta le Conradh na Gaeilge: “Tá cumainn Ghaelacha tríú leibhéal, scoileanna, clubanna CLG, ciorcail chomhrá, stáisiúin raidió, institiúidí oideachais, agus go leor grúpaí pobail eile ag déanamh a gcuid cainte ar son na curiarrachta seo.

“I measc na ndreamanna thar sáile atá ag glacadh páirte tá Conradh na Gaeilge Chathair na nAingeal in California, an Ghaeltacht-sur-Seine i bPáras na Fraince agus Gaeilgeoirí Doha sa Chatar.”

Craoladh

Tá mír nua sa sceideal i mbliana agus Comhrá TV ag craoladh beo ag a 12.00 meán lae gach lá ó Luan go hAoine ó ionaid éagsúla mar RTÉ Digiteach, seit Ros na Rún, an chomhdháil óige Zeminar agus Ceanncheathrú TG4.

Dúirt Síomha Ní Ruairc ó Sheachtain na Gaeilge: “Tá Comhrá TV dírithe ar scoileanna agus tá súil againn go gcuirfidh sé leis an lucht féachana ar snag.ie le linn na seachtaine.”

Tá amanna fós ar fáil do ghrúpaí ar suim leo páirt a ghlacadh i gComhrá ’17. Is féidir amharc ar amchlár Chomhrá ’17 agus foirm chlárúcháin a chomhlánú ar snag.ie/comhra.

Chuir Conradh na Gaeilge tús leis an churiarracht Ghaeilge den chéad uair le Comhrá 247 sa bhliain 2013, nuair a baineadh amach 168 uair an chloig cainte gan stad. Sháraigh curiarracht Chomhrá ’16 é sin le 170 uair an chloig cainte.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.