Gradam do Cormac @5

Irish Independent - Seachtain - - Líon.Nuachta -

Tá an gradam don chlár raidió is fearr sa rannóg Craoltóireacht le Gaeilge buaite ag an gclár Cormac ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag Gradaim Raidió IMRO.

Fógraíodh na buaiteoirí ag ócáid mhór don tionscal raidió in Óstán Lyrath i gCill Chainnigh

Cormac Ó hEadhra a chuireann an clár i láthair, is é Fachtna Ó Drisceoil, ó Bhaile Átha Cliath, an léiritheoir sraithe, agus tá Cearbhall Ó Síocháin agus Sinéad Ní Uallacháin ar fhoireann léirithe an chláir freisin.

Clár irise, le béim ar chúrsaí reatha, atá in Cormac ag a Cúig. Bíonn plé agus anailís ar scéalta móra nuachta an lae le cloisteáil air, agus déantar cláir speisialta freisin ó am go chéile.

Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire Gníomhach RTÉ Raidió na Gaeltachta: “Tá an clár thar a bheith láidir, idir láithriú agus léiriú, agus is ceart agus is cuí go bhfuil an t-aitheantas seo faighte anois aige i bpríomhghradaim thionscal raidió na hÉireann.”

Le linn na hócáide ghlac Dolores Bean Mhic Géidigh le Gradam Saoil do Shéamus Mac Géidigh, Iar Bhainisteoir Réigiúin an Tuaiscirt le RnaG, a cailleadh anuraidh.

Duais: Cormac, ar dheis, leis an fhoireann

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.