Gradam bronnta ar scríbhneoirí taistil Seachtain

Irish Independent - Seachtain - - Líon.Nuachta -

Bronnadh Gradam Náisiúnta ar scríbhneoirí Seachtain Emma Ní Nualláin agus a fear céile Oisín Mac Cinnéide.

Ainmníodh blag s’acu Gael Trip mar an Blag Gaeilge is Fearr arna urrú ag Foras na Gaeilge san Academy i mbaile Átha Cliath.

Chuir os cionn 5,000 blag isteach ar na gradaim, agus bhí 1,200 de na blaganna sin ainmnithe ar ghearrliosta don chraobh agus 27 gcatagóir ann san iomlán.

Roghnaíodh sé bhlag don chraobh do chatagóir na Gaeilge.

Is iad Emma agus Oisín a bhunaigh an blag in 2016. Is múinteoir meánscoile í Emma as Cill Chainnigh agus is innealtóir sibhialta é Oisín ó Rth Fearnáin, Baile Átha Cliath. Chuir siad tús le Gael Trip nuair a chuaigh siad ag taisteal timpeall an domhain ar feadh bliana. Scríobhtar an blag trí Ghaeilge amháin agus tá go leor gnéithe ag baint leis. Cuirtear eolas ar fáil faoi chathracha agus tíortha éagsúla ar fud an domhain, ó Chósta Ríce is Cúba go Tenerife agus an Ghréig — agus cuireadh go leor dá gcuid ailt taistil i gcló in Seachtain. Dúirt Emma: “Tá áthas an domhain orainn seo a fháil — agus tá súil agam go mbeidh níos mó daoine ag tabhairt cuairte ar an mblag mar gheall ar an ngradam seo. “Fuair muid cuid mhór aiseolais ó na hailt i Seachtain agus beidh tuilleadh ag teacht uainn gan mhoill!”

Onóir: Emma agus Oisín lena ngradam

Bua: Emma agus Oisín i bPáirc Náisiúnta Yosemite i Meiriceá, ar dheis, alt ó Emma in Seachtain

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.