Leabhar na Seachtaine

Irish Independent - Seachtain - - Siamsa.Seachtaine -

Oilithreach Pinn ar an Camino De Santiago, le Liam Ó Muirthile Shiúil Liam Ó Muirthile an Camino Francés as a chéile ó Saint-JeanPied-de-Port go Santiago de Compostela i bhfómhar na bliana 2015.

Leis féin a bhí sé agus a phaca ar a dhroim, ag fanacht sna tithe aíochta oilithreachta ar a thuras 770km.

Breacann sé an tírdhreach dúinn agus tráchtann sé ar na daoine a casadh air. Oilithreacht pinn agus fionnachtain phearsanta í seo ina roinneann sé linn a chuid smaointe féin ar an tír a bhfuil dlúthcheangal sinseartha ag Éirinn léi. Coimeádann an t-údar a dhá chos ar an dtalamh, ach ó am go ham eitlíonn sé ar an chuma Spáinneach.

Caitheann grianghraif Moira Sweeney loinnir ealaíonta ar chonair na n-oilithreach.

Seolfar an leabhar seo ag Féile Imram i mBaile Átha Cliath Dé hAoine @6in in Éigse Éireann, 11 Sráid Parnell. Cead isteach €10

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.