Ceolchoirm na Seachtaine

Irish Independent - Seachtain - - Siamsa.Seachtaine - MÉABH NÍ THUATHALÁIN

Séasúr nua Siamsaíochta, Amharclann Theach Chúirt an Phaoraigh, amárach @6in

Tá Gaeil na hardchathrach ag teacht le chéile uair sa mhí do na ceolchoirmeacha iontacha Siamsaíocht @6! atá á reáchtáil ag Gaeil Linn ó na 80idí.

Is iad na ceoltóirí Manus McGuire, Emily Flack agus Éamonn de Barra a bheas i mbun ceoil. Is de bhunadh Shligigh é an fidléir iomráiteach Manus McGuire, ach tá sé ag cur faoi in oirthear Chontae an Chláir le blianta beaga anuas.

Tá cáil bainte amach aige ar stáitsí na cruinne, go haonarach agus mar bhall de na grúpaí Buttons & Bows, Moving Cloud agus an Brock McGuire Band.

Is amhránaí álainn í Emily Flack ó Cheanada atá fréamhaithe i dtraidisiúin cheoil Cape Breton/ Ontario agus na hÉireann.

Tá sí i mbun staidéir ar Amhránaíocht Thraidisiúnta na hÉireann in Ollscoil Luimnigh faoi láthair.

Agus tá aithne fhorleathan ar an cheoltóir ildánach, Éamonn de Barra, ó Bhaile Átha Cliath – ball de na grúpaí Slide agus de Barra, a bhíonn ag seinm leis an amhránaí Damien Dempsey go minic. Fáilte roimh chách! Ticéid: €12

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.