Míle duine ag caint ar feadh 171 uair

Irish Independent - Seachtain - - Seachtain. -

Bhain Gaeilgeoirí ar fud ocht dtír dhifriúla curiarracht dhomhanda nua amach — in ainneoin Spéirling Ophelia.

Bhí os cionn míle duine ag caint agus ag comhrá as Gaeilge beo ar YouTube mar chuid de churiarracht don chomhrá Gaeilge is faide riamh.

Baineadh an churiarracht amach Dé Luain agus daoine ó Lú, Muineachán, Tiobraid Árann, Ciarraí agus Baile Átha Cliath ag cabhrú leis an gcúpla uair an chloig deiridh a chríochnú chun 171 uair an chloig a chur i gcrích.

Dúnta

Toisc go raibh gach scoil agus coláiste sa tír dúnta mar gheall ar Spéirling Ophelia b’éigean clár ama Chomhrá ’17 a athrú go mór. Lean foireann Chonradh na Gaeilge ar aghaidh ag caint beo ar snag.ie ar fud na tíre chun a chinntiú gur baineadh an churiarracht amach.

Ghlac daoine ar fud na cruinne páirt ann.

Dúirt Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge: “Tá scoileanna dúnta inniu dar ndóigh maidir leis an spéirling, mar sin bhí an t-ádh orainn gur éirigh linn an Comhrá a choimeád beo.

“Taispeánann an churiarracht an paisean atá ann i measc na nGael ar fud an domhain.”

I mbun comhrá: I gCathair na nAingeal sna Stáit Aontaithe

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.