Súil na Seachtaine

Irish Independent - Seachtain - - Siamsa.Seachtaine -

Fomhuireán na bhFiníní, TG4, anocht @9.30in Craolfar clár faisnéise faoin fhear ildánach John Philip Holland (1841-1914) a rugadh agus a tógadh i Lios Ceannúir in iarthar an Chláir. Chuaigh sé ar imirce go Meiriceá agus chaith tamall ag obair mar innealtóir agus ansin arís mar mhúinteoir. B’fhada é den tuairim go mbeadh an-bhuntáiste ag soitheach a bheadh in ann taisteal faoin uisce. Poblachtach dílis Éireannach a bhí ann a thacaigh leis na Finíní agus a fuair maoiniú dá chuid oibre uathu. Lean sé air ag cur barr feabhais ar a dhearadh agus thóg fomhuireán eile dá dhéantús féin lena chur faoi bhráid an Chabhlaigh thall in 1897.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.