Cúrsa na Seachtaine

Irish Independent - Seachtain - - Siamsa.Seachtaine - MÉABH NÍ THUATHALÁIN

Dianchúrsa na Samhna, an Droichead, Béal Feirste, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh Beidh Dianchúrsa na Samhna á reáchtáil san ionad ealaíon i ndeisceart Bhéal Feirste.

Cúrsa cuimsitheach Gaeilge dhá lá atá ann a mbíonn réim- se leibhéal ann le freastal a dhéanamh ar chumais éagsúla, idir ghlantosaitheoirí agus Ghaeilgeoirí líofa.

Beidh sé á reáchtáil i suíomh stairiúil speisialta ‘Union College’ i mbliana, láthair iontach le bheith ag gabháil don Ghaeilge.

Mar chuid den chúrsa beidh camchuairt threoraithe timpeall fhoirgneamh an choláiste agus caint sa leabharlann ar an Urramach John Edgar agus an bhaint a bhí aige leis an Ghaeilge.

Chomh maith leis an ghnáthchúrsa teanga, beidh rang fíodóireachta ciseán ar siúl le ceiliúradh cruthaitheach a dhéanamh ar fhéile na Samhna.

Más suim leat a bheith páirteach, déan teagmháil le eolas@androichead. com le d’áit a chinntiú.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.