Ag súil le féasta shamhradh 2018

Irish Independent - Seachtain - - Seachtain.Spórt - MÍCHEÁL Ó MUIRCHEARTAIGH

Cad é mar shamhradh spóirt atá ag sméideadh orainn cheana féin — samhradh na bliana 2018. Is de bharr athruithe bunúsacha ar an gcóras chun teacht ar churaidh Uile-Éireann sa pheil agus san iomáint a d’eascair an cur agus cúiteamh i leith chlár na bliana 2018 i bhfad roimh Nollaig 2017.

Is ait le go leor go mbeidh cluichí ceannais Éireann á reachtáil i mí Lúnasa agus creideann cuid díobh go mbeidh an geimhreadh linn chomh luath agus a bheidh na ‘Coirn Mhóra’ bronnta. Ní bheidh ná é agus airím féin gur sciar den samhradh é mí Lúnasa.

Creid é nó a mhalairt ach reáchtáladh cluichí ceannais i mí Lúnasa cheana. Ba ar an dara lá de Lúnasa 1903 a reáchtáladh cluiche ceannais peile na bliana 1901. Áth Cliath agus Londain a bhí san iomaíocht.

B’ionann le Craobh na bliana 1908 — na contaetha céanna a bhí gceist agus imríodh an cluiche ceannais ar an gcéad lá de Lúnasa 1909. Tháinig na craobhacha go dtí Áth Cliath.

Ó thaobh na hiomána de tharla sé gur ar an lá céanna in 1903 a imríodh an cluiche ceannais idir Londain agus Corcaigh. Ócáid stairiúil a bhí ann mar bhí an bua ag Londain. Anois, de bharr athruithe a moladh agus a rialaigh Comhdháil CLG beidh méadú suntasach ar líon na gcluichí a bheidh i gCraobhacha na mblianta 2018 go dtí 2020.

Tá lucht leanta na hiomána ar mire geal ag tnúth le féasta cé nach bhfuil ‘na contaetha láidre’ chomh tógtha leis an gcóras nua. Ag éisteacht le roinnt den gcomhrá atá coitianta braithim go bhfuil an lucht leanta sách cinnte go mbeidh béim ar ‘iomáint’ agus is dá bharr sin go bhfuil sceitimíní orthu ag dearcadh tré cheo na haigne i rith an gheimhridh agus an earraigh.

Nach iontach é sprid na hiomána?

Scéal de shórt eile a bhaineann leis an bpeil agus níl an lucht leanta chomh dóchasach i leith na n-athruithe. Ach bíodh foighne orainn go dtí go mbeidh bóthar na Craoibhe 2018 siúlta againn.

Nach bhfuil draíocht de shórt le baint as bheith ag machnamh faoi na coimhlintí a bheidh idir na baill den ngrúpa go mbeidh ‘An tOcht Foirfe’ mar ainm air.

An ndíreoidh siad ar pheil d’imirt do réir na rialacha agus fíor-sprid spóirt ós iad atá foirfe? Nó an mbeidh béim ar chluichí a bhuachtaint ar ais nó ar éigean tré bhealaí atá ag treisiú ó bhliain go chéile?

Go fírinneach níl freagraí againn ach beidh roimh dheireadh Lúnasa nuair bheidh seoladh nua fógraithe do Choirn Mhic Cárthaigh agus Mhig Uidhir.

Bímís dóchasach agus tá tuairim agam go mbeidh an meántinreamh ag cluichí iomána na gCraobh níos mó ná mar a bheidh i gcás na peile.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.