FAISEAN TÁ ZENDAYA CHOMH GALÁNTA LE SÍOG

Irish Independent - Seachtain - - Seachtain. -

Lár Stáitse, Dé hAoine, TG4 @8-9.30in Craolfar an clár beo siamsaíochta seo ag an Oireachtas den chéad uair a thabharfaidh ardán do thallann na n-óg.

Beidh míreanna le feiceáil óna comórtais agallamh beirte agus lúibíní sa chlár chomh maith le roinnt iomaitheoirí óga a ghlac páirt i gcomórtais eile, ina measc aithriseoireacht agus scéalaíocht.

Beidh an clár atá á léiriú ag an chomhlacht Telegael ar fáil ar fud an domhain ar Sheinnteoir TG4 www.tg4.tv.

I measc na gcraoltaí beo eile a bheidh ar TG4 le linn Oireachtas na Samhna beidh Nuacht TG4 trí oíche (anocht, amárach agus Dé hAoine) agus na príomhchomórtais damhsa ar an sean-nós, Steip, ar Shatharn na Féile. Tá Steip ar cheann de na cláir is fearr liom ar aon stáisiún aon am den bhliain; taifeadaim é agus bím á choimhéad arís agus arís eile!

Déanfar sruthú beo ar shuíomh idirlín TG4 ar Oscailt Oifigiúil an Oireachtais, ar Bhronnadh na nGradam Cumarsáide agus ar chomórtais na ndaoine fásta, ina measc, Corn Uí Riada, Sean-Nós na mBan, Sean-Nós na bhFear, Agallamh Beirte, Lúibíní, Amhrán Saothair agus Sceitse. www.tg4.ie.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.