Cultúr á cheiliúradh ag óg agus aosta

Irish Independent - Seachtain - - Líon.Nuachta - Le Katie McGreal

Tá na Gaeil ag teacht ar ais chucu féin an tseachtain seo i ndiaidh Oireachtas na Samhna, 2017. Bhailigh na sluaite in Óstán Ghleann an Iolair agus in Óstán an Brehon i gCill Airne d’ollfhéile na nGael an deireadh seachtaine seo caite den dara bliain as a chéile.

Bhí seoltaí leabhar, dlúthdhioscaí, cláir theilifíse, cruinnithe, fóraim, díospóireachtaí agus go leor leor eile ar siúl le linn an lae, agus sna hoícheanta bhí comórtais, club na féile agus ceolchoirmeacha ar bun.

Ghlac na mílte páirt sna comórtais, idir agallamh beirte, lúibíní, dhreas cainte, scéalaíocht, amhránaíocht, dhamhsa ar an sean-nós agus neart eile.

Rinneadh craoladh beo ar an phríomhchomórtas damhsa ar an sean-nós agus ar Chorn Uí Riada ar TG4 mar is gnáth. Craoladh craobhchomórtais na n-agallamh beirte, dreas cainte agus lúibíní faoi 18 beo den chéad uair riamh agus d’éirigh thar barr leis, chomh maith le Lár Stáitse oíche Aoine faoi na daoine óga a ghlac páirt ann.

“Creidim go raibh TG4 sásta leis agus gur shíl na tuismitheoirí gur deis iontach a bhí ann do na páistí a bheith ar an teilifís agus a gceird a thaispeáint,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, stiúrthóir an Oireachtais.

Bhí craoladh spleodrach de Rónán Beo @3 ag Rónán Mac Aodha Bhuí Dé hAoine in ionad fáilte an óstáin.

Seastáin

Bhí craoltaí ag Raidió na Gaeltachta, Raidió Fáilte, Raidió na Life, Newstalk agus BBC Blas ag dul ar aghaidh le linn an deiridh seachtaine.

D’eagraigh Oireachtas na Gaeilge imeacht de chuid Ghréasán na mBan ina raibh ceathrar ban ag labhairt faoi imeachtaí difriúla a bhíonn ar siúl acu do mhná.

Agus ar ndóigh bhí lear mó seastán ann ag díol earraí agu ag tabhairt eolais faoi gach gn de shaol na Gaeilge.

“Bhí deireadh seachtaine an-mhaith ar fad ann,” a dúirt Liam. “Tá mé sásta go ndearna muid an oiread sin oibre roimh ré.”

Ag seoladh an

Oireachtais, dúirt an tAire Gaeltachta Joe McHugh gur “Meice na nGael, an phríomhfhéile náisiúnta s’againn féin” a bhí san fhéile. “Is í an fhéile seo an fhíorfhoinse atá againn a chothaíonn an Ghaeilge bheo — trí ardán a thabhairt do mhórfhorbairtí teanga in iliomad réimsí, ina measc, an nua-scríbhneoireacht, an fhoilsitheoireacht, na meáin chumarsáide, an teicne- olaíocht, an fhiontraíocht agus, thar aon ní eile, na taibh-ealaíona!

“Is ceann de mhór-imeachtaí na nGael gach uile bhliain é Oireachtas na Samhna agus déanaim comhghairdeas leis an eagraíocht as an bhféile thaitneamhach agus tharraingteach seo a eagrú arís i mbliana.”

Is spleodraí

Agus dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, gur deis a bhí san Oireachtas “an chuid is fearr, is dearfaí agus is spleodraí dár saothar i gcaitheamh na bliana a cheiliúradh agus a chur os comhair an tsaoil.

“Is é ár bpríomhfhéile náisiúnta é, a thugann Gaeil as gach aon chearn den tír le chéile chun ár gcultúr, ár dteanga agus ár n-ealaíona a chleachtadh agus a cheiliúradh”, a dúirt sé.

Beidh na Gaeil ag filleadh arís ar Chill Airne an bhliain seo chugainn.

Hanna Nic Pháidín as an Bhun Bheag i nDún na nGall lena corn le haghaidh aithriseoireachta

Mheall Tom Cullen (9) as Contae Liatroma an lucht féachána Sult: An slua mór ag Club na Féile i gCill Airne Pictiúir le Seán Ó Mainnín

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.