NA GRADAIM CHUMARSÁIDE

Irish Independent - Seachtain - - Líon.Nuachta -

Ghlac Dolores Bean Mhic Géidigh BuaicGhradam Cumarsáide an Oireachtais in ómós dá fear céile Séamus, an craoltóir spóirt le Raidió na Gaeltachta a bhásaigh go tobann anuraidh. Seo an chéad uair riamh ar bronnadh an gradam seo ar dhuine i ndiaidh a bháis.

Bhuaigh Dara Ó Dubháin an gradam d’Aisteoir na Bliana don ról a bhí aige sa dráma An Klondike.

Bhain Maitiú Ó Coimín Iriseoir na Bliana agus fuair Cormac Ó hEadhra craoltóir na bliana agus sraith na bliana don tsraith Cormac ag a 5 ar Raidió na Gaeltachta.

Bhain Eoin Warner Craoltóir Teilifíse na bliana don chlár Éire Fhiáin. Bhuaigh Cormac Ó hEadhra Craoltóir Raidió na Bliana.

Bhuaigh Sláine Ní Chathalláin an gradam Réalta Óg na Bliana i ndiaidh vótáil phoiblí. Bhuaigh Nós.ie Láithreán Gréasáin na bliana. I ndiaidh comórtas géar, chuaigh Corn Uí Riada go Cúil Aodha le Conchubhar Ó Lunasa.

Bhuaigh Conchubhar Comórtas Amhránaíochta na bhFear i mbliana freisin. Is é Conchubhar — atá 21 bhliain d’aois — an duine is óige riamh le Corn Uí Riada a bhaint. Tháinig Máire Ní Chéilleachair sa dara háit agus bhí Orla Ní Fhinneadha sa tríú háit.

Áilleacht: Cailíní TG4 is RTÉ ar an chairpéad dhearg: Ó chlé: Siún Ní Dhuinn, Caitlín Nic Aoidh agus Fiona Ní Fhlaithearta

Ina suí go te: Cairde ó iarthar Chiarraí agus eile ag ceiliúradh le Sláine Ní Chathalláin a fuair Gradam Réalta Óg na Bliana

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.