Irish Independent - Seachtain

Borradh úr faoin teanga le Gaeilge24 agus Líofa

Rocky Ros Muc ag dúil le Oscar

- Le Sinéad Nic Con Rí

Sháraigh líon na ndaoine atá ag foghlaim na teanga teorainn nua inné ar lá a raibh 30,000 ag glacadh páirte in Gaeilge24.

Agus daltaí i scoileanna ar fud an oileáin ag labhairt Gaeilge sa dúshlán cainte 24 uair an chloig, tháinig sé chun solais go bhfuil 20,000 duine sa Tuaisceart páirteach i scéim ansin.

Ghlac scoláirí i níos mó ná 320 scoil ar fud na hÉireann páirt i ndúshlán Gaeilge24, a chomhordai­gh Conradh na Gaeilge.

Den chéad uair riamh, bhí scoil amháin ar a laghad i ngach contae in Éirinn páirteach i nGaeilge24 agus bronnfar teastas ar gach scoláire a ghlac páirt ann.

Spraíúil

“Cuidíonn Gaeilge24 le hintinn na ndaoine óga a oscailt don teanga ar bhealach spraíúil agus tugann sé eispéireas dearfach dóibh maidir le húsáid na Gaeilge ina saol féin,” arsa an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Ní amháin go labhraíonn na scoláirí Gaeilge ar scoil, ach léiríonn Gaeilge24 dóibh gur féidir leo an teanga a úsáid i siopaí agus le gnólachtaí áitiúla, le cairde, timpeall an bhaile, sa chlub spóirt, agus lena muintir freisin.

Agus sa Tuaisceart, bhain an scéim Líofa a sprioc de 20,000 amach trí bliana luath.

Agus dúirt an iar-Aire Cultúir Carál Ní Chuilín: “Fáiltím roimh an nuacht gur sháraigh an Scéim Líofa 20,000.

“Nuair a thosaigh Líofa i mí Mheán Fómhair 2011, leagadh síos sprioc 1,000, ansin leasaíodh é sin nuair a d’fhás an t-éileamh. Socraíodh sprioc 20,000 le haghaidh 2020 in 2016 agus sáraíodh é sin freisin.

“Léiríonn sé sin an t-éileamh ar Ghaeilge a fhoghlaim agus go bhfuil daoine ó gach cúlra ag tapú na deise sin a dhéanamh.”

Ghlac breis agus 30,000 dalta páirt in Gaeilge24 inné — agus den chéad uair riamh, bhí scoil amháin ar a laghad i ngach ceann de na 32 chontae in Éirinn ag glacadh páirte ann.

Agus bronnfar teastas ar gach dalta.

Is é aidhm Gaeilge24 ná daoine óga a spreagadh chun Gaeilge amháin a labhairt ar feadh 24 uair an chloig i ngach aon áit agus i ngach réimse saoil s’acu ar aon lá ar leith.

Is í seo an cúigiú bliain den dúshlán uathúil bliantúil seo agus tá Gaeilge24 ag dul ó neart go neart i gcónaí.

“Cuidíonn Gaeilge24 le hintinn na ndaoine óga a oscailt don teanga ar bhealach spraíúil, ábhartha agus tugann sé eispéireas dearfach dóibh maidir le húsáid na Gaeilge ina saol féin,” arsa an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

“Tá idir bhunscoile­anna agus mheánscoil­eanna Béarla, Gaeilge agus Gaeltachta ó cheann ceann na hÉireann ag glacadh páirte sa dúshlán Gaeilge24 is déanaí de chuid Chonradh na Gaeilge.

“Níos tábhachtaí fós, is iad na daltaí féin a scaipeann agus a spreagann úsáid na teanga i measc a bpobail féin.”

Ní hamháin go labhraíonn na daltaí Gaeilge ar scoil agus le múinteoirí, ach léiríonn Gaeilge24 dóibh gur féidir leo an teanga a úsáid sa bhaile, ag na siopaí agus le gnólachtaí áitiúla, le cairde leo, timpeall an bhaile, sa chlub spóirt, agus lena muintir freisin.

Dúirt Tammy Ní Laoire, múinteoir Gaeilge a d’eagraigh Gaeilge24 i gColáiste Éinde, Contae na Gaillimhe: “Spreag Gaeilge24 an-spiorad go deo idir na daltaí agus na múinteoirí a ghlac páirt san ócáid.

“Bhí bród mór le brath ó chách.”

 ??  ?? Laoch ár linne: Seán Ó Mainnín ag Amharclann Somerville i mBostún i mbliana agus, ar dheis, a throid chlúiteach i Nua-Eabhrac in 1986. Is é an scannán faoina shaol, Rocky Ros Muc, an chéad scannán Gaeilge a fuair ainmniúchá­n do na Oscars. Féach an...
Laoch ár linne: Seán Ó Mainnín ag Amharclann Somerville i mBostún i mbliana agus, ar dheis, a throid chlúiteach i Nua-Eabhrac in 1986. Is é an scannán faoina shaol, Rocky Ros Muc, an chéad scannán Gaeilge a fuair ainmniúchá­n do na Oscars. Féach an...
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland