Irish Independent - Seachtain

Ócáid na Seachta ine

-

Gradaim Nós 2018 ar oscailt

Den tríú bliain as a chéile tá gradaim á reáchtáil ag Nós chun aitheantas a thabhairt don nuacheol Gaeilge agus chun ceiliúradh a dhéanamh orthu sin — ó na bannaí go dtí an lucht éisteachta – atá ag croí an dula chun cinn cheolmhair sin. I measc na bhforbairt­í do Ghradaim Nós 2018 tá rannóg nua (Ealaín Albaim na Bliana) curtha le liosta na nduaiseann­a agus comhpháirt­íocht ar leith le RTÉ — tá na sonraí iomlána faoi seo le fógairt Déardaoin, an 30 Samhain. Ocht ngradam atá le bronnadh — ó Amhrán na Bliana ar aghaidh go Féile na Bliana — agus tá go dtí an 4 Nollaig ag ceoltóirí agus grúpaí cur isteach ar na rannóga éagsúla. Fógrófar an gearrliost­a le linn mhí na Nollag agus ansin beidh an ócáid mhór féin ar siúl Dé hAoine, an 12 Eanáir 2018 sa Sugar Club, Baile Átha Cliath. Tá ticéid do Ghradaim Nós 2018 ar díol cheana féin — imíonn siad go tapa mar sin molaim daoibh bhur gcuidse a fháil go luath! https://gradaimnos­18.eventbrite. co.uk/

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland