Spéirling

Irish Independent - Seachtain - - Seachtain.óg -

Is minic a chloisimid faoi spéirling nó hairicín ach is ar an taobh eile den domhan a bhíonn siad de ghnáth. Is maith is cuimhin liom an chuid deiridh de Spéirling Charley a tháinig chun na tíre seo i 1986. Bhí a lán báistí ag titim nuair a bhí Spéirling Charley ann agus mar sin, bhí tuilte ar na bóithre. Íslíonn cumhacht na gaoithe nuair a bhíonn an bháisteach ag titim. Ach ní mar sin a bhí le Spéirling Ophelia. Níor thit morán báistí ach bhí cócha gaoithe móra ann. Leagadh a lán crann agus baineadh díon ó thithe, ó scoileanna agus ó sciobóil ar fud na tíre. Leagadh an seastán ag Crois an Tornóra i gcathair Chorcaí agus bhí suas le 300,000 foirgneamh fágtha gan leictreachas. Ní raibh an méid sin daoine fágtha gan leictreachas riamh sa tír. Rinne Ophelia díobháil do dheilf cháiliúil, freisin. Caithfidh gur bualadh Fungie sa cheann le linn na stoirme mar bhí créacht le feiceáil ar bharr a chinn. Fungie bocht! Ach má théann tú siar sa stair – go ham sula raibh aon leictreachas ann - tá cuntas le fáil faoi Oíche na Gaoithe Móire. Ba í an stoirm a tháinig Oíche na Gaoithe Móire an stoirm ba mheasa a chonaic muintir na hÉireann. Bhí a lán daoine fágtha gan dídean i ndiaidh na stoirme. An 6 Nollaig a bhí ann i 1839, Nollaig na mBan, Bhí thart ar ocht milliún duine ina gcónaí sa tír ag an am. Thit sneachta an oíche roimhe sin. Ach bhí an mhaidin an-chiúin agus níos teo ná mar ba cheart dó a bheith ag an am sin den bhliain. Bhí guthanna in ann taisteal beagnach míle san aer, bhí sé chomh ciúin sin. Ach thosaigh báisteach ag titim thart ar a trí a chlog agus bhí sé ina stoirm cheart ag 10 a chlog an oíche sin. Thrasnaigh sé na 3000 míle thar an Atlantach agus bhris na tonnta thar Aillte an Mhothair, fiú! Chaith an fharraige carraigeacha móra suas ar Oileáin Árann. Bhí tintreach agus toirneach ann agus leagadh crainn, baineadh an ceann tuí ó thithe agus thit potaí simléir. Shéid an ghaoth an t-uisce ar fad amach as an gcanáil i dTuaim. Chaith daoine an oíche i bpáirceanna nó cois claí. Mhair siad an oíche ach fuair siad bás tamall ina dhiaidh sin le niúmóine. Ceaptar gur cailleadh suas le 800 duine an oíche sin. Cé go raibh Spéirling Ophelia uafásach agus go ndearna sí an-dochar don tír, is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin. Beidh díonadóirí agus tógálaithe an-ghnóthach ar feadh cúpla mí agus ní bheidh aon ghanntanas adhmaid ann i gcomhair na dtinte le linn an gheimhridh seo. Agus bhí dhá lá saor agat ón scoil- nó b’fheidir níos mó ná sin ag brath ar aibhléis! Tá súil agam nach mbeidh spéirling eile againn ar feadh roinnt mhaith blianta!

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.