Uaillmhian na Breataine Bige

Irish Independent - Seachtain - - Líon.Nuachta -

Tá sé fógartha ag Rialtas na Breataine Bige go bhfuil siad ag iarraidh líon na ndaoine a labhraíonn Breatnais a mhéadú faoi dhó. Tá thart faoi 570,000 cainteoir ann faoi láthar agus tá súil acu milliún a bhaint amach roimh 2050.

Chomh maith leis sin tá sé mar sprioc acu líon na múinteoirí bunscoile atá in ann teagasc i mBreatnais a ardú ó 2,900 go 3,900 roimh 2031 ansin go 5,200 roimh 2050.

Bhí titim ar líon na gcainteoirí laethúla Breatnaise sa daonáireamh dheireanach in 2011 go 562,000 cainteoir.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.